Beidh Barrscéalta ag craoladh beo ó Chumann Naomh Muire ar Na Méilte in Íochtar na Rosann i dTír Chonaill inniu chun tús oifigiúil a chur le Comórtas Peile na Gaeltachta 2023. Beidh na hullmhúcháin dheireanacha idir lámha ag an gcumann inniu don deireadh seachtaine mór atá amach rompu, agus beidh Michelle Nic Grianna i mbun comhrá leis an lucht eagraithe ansin faoin méid atá beartaithe as seo go dtí Dé Luain. Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón gcomórtas ó 11 am maidin Dé Sathairn nó go mbuailfear an cic dheireanach ar an liathróid tráthnóna Dé Luain.
Barrscéalta will be broadcast live from Cumann Naomh Muire in Na Méilte, Íochtar na Rosann in Donegal today to mark the official start of the Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 football tournament weekend. Presenter Michelle Nic Grianna and team will be speaking to organisers today and looking ahead to all the activities planned over the next couple of days. The tournament will be broadcast live on RTÉ RnaG all weekend, from 11 am on Saturday morning until the final kick on Monday evening.


