Sraith nua staire ina bpléann painéil éagsúla staraithe an t-athrú, dar leo, a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn murach gur tharla eachtraí áirithe i stair na tíre. Inniu, pléann an staraí an Dr Éamonn Ó Ciardha, An Dr Malachy Ó Néill, léachtóir Gaeilge, agus an scoláire Gaeilge an Dr Mícheál Mac Craith, Imeacht na nIarlaí agus cé acu an mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na tíre murach gur imigh siad? Cé mhéid dochair a rinne Conradh na Mainistir Móire don Ghaeilge? An comhcheilg ba chúis le himeacht na nIarlaí? Cad a insíonn lámhscríbhinn sa Bhruiséil dúinn faoi imeachtaí na linne? Agus scrúdaítear an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an stair agus ar Éirinn an lae inniu murach imeacht na nIarlaí. Scun Scan Productions a léirigh an tsraith seo, le tacaíocht ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail léiritheoir agus láithreoir na sraithe.
Each week in this new summer series, some of Ireland’s finest historians examine key historical events that shaped Ireland as we know it today and discuss what the impact on our history and our country might be had they not happened. This week, historian Dr Éamonn Ó Ciardha, Irish lecturer Dr Malachy Ó Néill and Irish-language scholar Dr Mícheál Mac Craith, discuss the Flight of the Earls, and its lasting impact. How might things be in Ireland today had it been otherwise? Produced by Scun Scan Productions, with support from the BAI Sound and Vision scheme. Dónall Ó Maolfabhail presents and produces the series.