Sracshúil / At a Glance
• OIDEAS AGUS OIDHREACHT – Tugtar léargas ar shaibhreas thraidisiún na litríochta béil i Rann na Feirste sa chlár seo agus ‘Seanchaithe agus Amhránaithe Rann na Feirste’ an t-ábhar cainte a bheas ag an Dr. Pádraig Ó Baoighill.
The oral tradition of Rann na Feirste, Donegal, is the focus of today’s programme.
• SIAR IS ANIAR – An dara seans ag éisteoirí an tsraith cláracha ceoil seo a chloisteáil, ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas. Anocht: Diana Ross
A second opportunity to hear SBB‘s hour long music documentary featuring music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise. Tonight: Diana Ross.
• DÚCHAS – Cloisfear Pádraig Ó Baoill i mbun comhrá leis an staraí Seán Ó Dorrian, an t-iascaire Din Ó Frighil agus le Pádraig Mac Suibhne, duine de bhunaitheoirí Iascaigh Fhanada san eagrán seo den chlár.
In today’s programme we hear Pádraig Ó Baoill in conversation with historian Seán Ó Dorrian, fisherman Din Ó Frighil and Pádraig Mac Suibhne, one of the founding members of Iascaigh Fhanada (Fanad Fisheries)..
• SÉASÚR NA FAISNÉISE – Na Daoine Beaga i dTír Chonaill
Déanann an Dr Séamus Ó Catháin, iar-Ollamh i Roinn Bhéaloideas Éireann cur síos ar thábhacht na scéalta sí sa bhéaloideas.
Dr Séamus Ó Catháin, former Professor of Roinn Bhéaloideas Éireann (Irish Folklore Dept), UCD, talks about the importance of the little people and the tradition of fairy stories in folklore.
• SCRÍBHNEOIRÍ FAOI CHAIBIDIL – Déantar cíoradh ar shaothar Raiftearaí in eagrán na seachtaine seo den chlár.
This series on major Gaelic literary figures and movements continues tonight with a discussion on Raiftearaí.
• CREIDIM – Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa seo beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil ag an Dr Lillis Ó Laoire i gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig.
This month’s edition of the programme explores native spirituality. Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway.
• COIS MARA THOIR SA RINN – Clár ceoil traidisiúnta á chur i láthair beo ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Rinn, Co. Phort Láirge, ag an gceoltóir agus an t-iriseoir Mac Dara Mac Donnchadha
This traditional music programme is presented live from RTÉ Raidió na Gaeltachta studios in An Rinn, Co. Waterford by journalist and musician Mac Dara Mac Donnchadha.
• BAILIÚCHÁN BHAIRBRE – An dara seans leis an tsraith dhá chlár déag seo a chloisteáil in athuair, mar a gcraolfar ábhar a thaifead an tÁrainneach Bairbre Quinn née Ní Chonghaile (1935-1987) in Árainn agus i gConamara ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí.
Another opportunity to hear this twelve part radio series featuring recordings made by Aran islander Bairbre Quinn née Conneely (1935-1987) from the late 1950s to the 1970s in Aran and Connemara.
________________________
OIDEAS AGUS OIDHREACHT
Tugtar léargas ar shaibhreas thraidisiún na litríochta béil i Rann na Feirste sa chlár seo. ‘Seanchaithe agus Amhránaithe Rann na Feirste’ ábhar cainte an údair agus an scoláire, An Dr Pádraig Ó Baoighill. Tugadh an chaint seo le linn ócáid chuimhneacháin Chonaill Uí Dhónaill in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce ar 3 Meán Fómhair 2006.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn, 30 Meitheamh ag 9.02am. Craoladh cheana 110906
OIDEAS AGUS OIDHREACHT
The oral tradition and literature of Rann na Feirste in the Donegal Gaeltacht is the subject of today’s Oideas agus Oidhreacht. Eminent scholar Dr Pádraig Ó Baoighill will discuss the singers and tradition bearers of Rann na Feirste. This talk was given during the Conall Ó Dónaill commemorative lecture in Gort an Choirce on September 3rd 2006
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday, 30th June at 9.02am. First broadcast 110906
____________
SIAR IS ANIAR
Is í Diana Ross a bheas faoi chaibidil i gclár na hoíche anocht agus an dara seans ag éisteoirí an tsraith cláracha ceoil seo a chloisteáil ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas. Roghnaíonn Seán Bán ceoltóir nó grúpa gach seachtain agus insítear scéal a saoil agus an chaoi a dtáinig fás agus forbairt ar a gcuid ceoil.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn, 30 Meitheamh ag 12pm (meánoíche). Athchraoladh.
SIAR IS ANIAR
A second opportunity to hear SBB‘s hour long music documentary series featuring Diana Ross in tonight’s programme. This series features music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise, including Simon & Garfunkel, Credence Clearwater Revival, The Stone Roses, Motown and much more. The presenter is Seán Bán Breathnach.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 30th June at 12pm (midnight). Repeat.
_______
DÚCHAS
Cloisfear Pádraig Ó Baoill i mbun comhrá leis an staraí Seán Ó Dorrian, an t-iascaire Din Ó Frighil agus le Pádraig Mac Suibhne, duine de bhunaitheoirí Iascaigh Fhanada san eagrán seo den chlár. Taifeadadh an tsraith seo sa bhliain 2000 i gceantair imeallacha i nGaeltacht Thír Chonaill le daoine nár cluineadh rómhinic ar an raidió agus iad ag caint ar a saol agus ar stair a gceantair. Daoine iad seo nach gcluinfear a nglórtha arís agus canúintí ceantair atá ag imeacht go deo.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 1 Iúil ag 10am. Athchraoladh.
DÚCHAS
In today’s programme we hear Pádraig Ó Baoill in conversation with historian Seán Ó Dorrian, fisherman Din Ó Frighil and Pádraig Mac Suibhne, one of the founding members of Iascaigh Fhanada (Fanad Fisheries). This series was recorded in 2000 in remote parts of the Donegal Gaeltacht with people who were not often heard on radio. They talk about their lives and about their locality in dialects that are disappearing rapidly.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 1st July at 10am. Repeat.
________________________________________________
SÉASÚR NA FAISNÉISE – Na Daoine Beaga i dTír Chonaill
Déanann an Dr Séamus Ó Catháin, iar-Ollamh i Roinn Bhéaloideas Éireann cur síos ar thábhacht na scéalta sí sa bhéaloideas. Insíonn daoine áitiúla as Tír Chonaill faoi eachtraí a tharla dóibh nó ar chuala siad fúthu. Cloisfear fosta scéalta a thóg Séamus Ennis ó dhaoine as Teileann agus as na Cruacha Gorma sa bhliain 1949. Áine Ní Dhíoraí a léirigh.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 1 Iúil ag 1.10pm. Athchraoladh.
SÉASÚR NA FAISNÉISE – Na Daoine Beaga i dTír Chonaill
Dr Séamus Ó Catháin, former Professor of Roinn Bhéaloideas Éireann (Irish Folklore Dept), UCD, talks about the importance of the little people and the tradition of fairy stories in folklore. Local people in Donegal recount stories of their own experiences and stories they heard over the years. We also hear stories recorded by Séamus Ennis from people in Teileann and Na Cruacha Gorma (Blue Stacks) in 1949. The producer is Áine Ní Dhíoraí
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 1st July at 1.10pm. Repeat.
___________________________
SCRÍBHNEOIRÍ FAOI CHAIBIDIL
Beidh deis ag painéal cainteoirí faoi chathaoirleacht Alan Titley athmheas agus plé úr a dhéanamh ar na scríbhneoirí agus an litríocht is mó a chuir comaoin ar thraidisiún liteartha na Gaeilge. Déantar cíoradh ar shaothar Antaine Uí Raiftearaí in eagrán na seachtaine seo den chlár. Is é Cathal Póirtéir a léirigh an tsraith seo agus craoladh ar RTÉ Raidió a hAon cheana é níos túisce i mbliana.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, 2 Iúil ag 6.30pm. Athchraoladh.
SCRÍBHNEOIRÍ FAOI CHAIBIDIL
A panel of critics and scholars, chaired by writer & academic Alan Titley, review and re-evaluate a selection of key writers and their contribution to the Irish literary canon in this series on major Gaelic literary figures and movements. Antaine Ó Raiftearaí is discussed in tonight’s programme. Cathal Póirtéir is the series producer and the programme was first broadcast on RTÉ Radio 1 earlier this year.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday, 2nd July at 6.30pm. Repeat.
________
CREIDIM
Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil. I gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig ar an gclár, beidh an Dr Lillis Ó Laoire a chuaigh i mbun a chuid dualgas mar léachtóir in Ollscoil na hÉireann na Gaillimhe níos túisce i mbliana. I measc na gcúrsaí atá á dteagasc ag an Dr Ó Laoire tá cúrsaí ar an seanscéal, an fhinscéal, an mhiotaseolaíocht, reiligiún agus an béaloideas do lucht na chéad bhliana sa tSibhialtacht Cheilteach. Bíonn sé ag léachtóireacht freisin ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht Ghàidhlig na hAlban.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Máirt 3 Iúil ag 1.30pm Craoladh cheana 310307
CREIDIM
This month’s edition of the programme explores native spirituality. Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway. Courses taught by Dr Ó Laoire include ancient storytelling, mythology, religion and folklore to first year students of Celtic Civilisation. He also lectures on the Fenian Cycle and the literature of Scots Gàidhlig.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Tuesday 3rd July at 1.30pm. First broadcast 310307
________________________
COIS MARA THOIR SA RINN
Clár ceoil traidisiúnta á chur i láthair ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Rinn, Co. Phort Láirge, ag an gceoltóir agus an t-iriseoir Mac Dara Mac Donnchadha. Tá cáil an cheoil ar mhuintir Mhic Dhonnchadha, as Áth Eascrach i gCo. na Gaillimhe. Is mac leis an amhranaí sean-nóis clúiteach, Seán ‘ac Dhonncha nach maireann, é Mac Dara. Beidh meascán den sean agus den nua le clos ar a chlár chomh maith le roinnt mhaith taifeadtaí atá déanta aige ag imeachtaí ceoil ar fud na tíre
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Céadaoin 4 Iúil ag 8pm
COIS MARA THOIR SA RINN
This traditional music programme is presented from RTÉ Raidió na Gaeltachta studios in An Rinn, Co. Waterford by journalist and musician Mac Dara Mac Donnchadha. Mac Dara is no stranger to traditional music as his father, the late Seán ‘ac Dhonncha was a famous sean-nós singer and there were frequent visitors, both musicians and singers, to the family home in Ahascragh, Co. Galway over the years. Mac Dara plays both old and new music on his programme including original recordings made at festivals around the country.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Wednesday 4th July at 8pm
__________________
BAILIÚCHÁN BHAIRBRE
An dara seans leis an tsraith dhá chlár déag seo a chloisteáil in athuair, mar a gcraolfar ábhar a thaifead an tÁrainneach Bairbre Quinn née Ní Chonghaile (1935-1987) in Árainn agus i gConamara ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí. Cosúil leis na bailitheoirí gairmiúla, thóraigh Bairbre ábhar seanda mar aon le sean-nós agus filíocht na háite. Thaifead sí ceol agus amhráin, caint na ndaoine agus iad sa teach, sa gcarr, ar an mbóthar, nó ag imirt chártaí, iad ag caint faoi amhráin, faoi aimsir, faoi bheithigh, faoi ghaolta, agus faoi bhainbh. Is í Deirdre Ní Chonghaile, iníon dearthár Bhairbre a rinne an taighde ar an gclár agus atá ag láithriú na sraithe. Is é Máirtín Jaimsie an léiritheoir.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé hAoine 6 Iúil ag 6.30pm. Athchraoladh.
BAILIÚCHÁN BHAIRBRE
Another opportunity to hear this twelve part radio series featuring recordings made by Aran islander Bairbre Quinn née Conneely (1935-1987) from the late 1950s to the 1970s in Aran and Connemara. Like professional collectors, Bairbre sought old material, sean-nós and local poetry. But she was not constrained by broadcasting or archiving duties. She also recorded music and songs, fireside conversations, everyday conversations about songs, weather, cattle, relations, banbhs, conversations on the road and card playing.
Deirdre Ní Chonghaile, Bairbre’s niece, researched and presents the programmes and the series producer is Máirtín Jaimsie.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Friday 6th July at 6.30pm. Repeat.