Platform

Irish Language

Irish Language Latest

Aifreann an Domhnaigh Aifreann an Domhnaigh ó Shéipeal Naomh Iosef, Co. Mhuineachán.   Sunday mass from Séipeal Naomh Iosef, Monaghan.
Siansa 2026 The final of the Siansa Gael Linn 2026 competition for young people, live from the National Concert Hall in Dublin, presented by Tristan Rosenstock. 
Blaiseadh de Shaothar Shean Phádraic Uí Chonaire  Deirtear gurb é Pádraic Ó Conaire, de bhunú Ros Muc i gConamara, an scríbhneoir próis Gaeilge ba mhó le rá i dtús an chéid seo caite. Mhair sé idir 1882 agus 1928 agus d’fhág seo saothar saibhir scríbhneoireachta mar oidhreacht. Tabharfar deis d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta cuid dá shaothar a chloisteáil sa tsraith ‘Blaiseadh de Shaothar Shean Phádraic Uí Chonaire’. Máirín Nic an Iomaire as Corr na Rón in Indreabhán a bheas le cloisteáil ag léamh gearrscéalta ón leabhar ‘Scothscéalta’.  It’s often been said that Pádraic Ó Conaire, from Ros Muc in Conamara was the most famous Irish prose writer at the beiginning of this past century. He lived between 1882 and 1928 and left a rich body of writing as a legacy. RTÉ Raidió na Gaeltachta listeners will have the opportunity to hear some […]
Tús Áite Beidh Tús Áite ag craoladh beo as caifé agus bialann An Nead i mBaile Mhuineacháin inniu agus Painéal an Luain ar leith againn. Beidh ceannródaí Gaeilge an Chondae, Breandán Ó Dufaigh, iar-Phríomhoide Choláiste Oiriall, Hannah Ní Néill, fiseateiripeoir atá ag obair ar an mbaile ann, maraon le Paddy Flood, Stiúrthóir le Bord Traenála is Oideachais Chábhán agus Muineacháin agus Faela Ní Dhomhnaill, múinteoir ealaíona Choláiste Oiriall i mbun scéalta móra nuachta an lae. Beidh Cathaoirleach Muineacháin le Gaeilge, Seán Ó Murchadha agus daoine eile nach iad le plé a dhéanamh ar dhul chun chinn An Nead mar ionad shóisialta agus pobail agus leis an mborradh atá fén nGaeilge sa cheantar agus sa chondae.  Tús Áite will be broadcasting life from the An Nead cafe in Monaghan town today with a special panel. 
An Saol ó Dheas Beidh eagrán speisialta don Saol Ó Dheas inniu le Jackie Ó Siochrú ó Chlochán na nUagh i mBaile an Sceilig, Co. Chiarraí. Saolaíodh Jackie ar an 1ú Eanáir 1936, bhí sé deich mbliana is ceithre fichid i mbliana. Labhrann sé ar a óige, a dhúil sa rince, agus ar a bhean chéile Máire Nic Gearailt ó Oileán na gCapall, agus ar a shaol go dtí seo. Tá dearcadh álainn dearfach aige ar an saol agus comhairle aige dúinn óna thaithí saoil. Arna chur i láthair ag Edel Ní Loibhéad. A special edition of An Saol Ó Dheas will be aired today with Jackie Ó Siochrú, from Clochán na nUagh in Baile an Sceilig, Co. Kerry. Born on the 1st of January 1936, he turned 90 this year. Jackie speaks about his youth, his interest in dancing, his wife Máire Nic Gearailt from Oileán na gCapall, and his life […]
Cuan an Cheoil In this series, recorded live at Stiúideó Cuan in Spidéal, some of Ireland's best musicians play a few tunes and chat with Liam Ó Maonlaí. Today: Máire & Étáin Ní Churrraoin.
An Saol ó Dheas Beidh An Saol Ó Dheas ag craoladh beo ó Champas Íosagáin, Co. Chorcaigh inniu, don oscailt oifiigúil de mol forbartha réigiúnach é i mBaile Mhuirne atá suite ar thailte na scoile stairiúil i nGaeltacht Mhuscraí. Deineadh athchóiriú agus uasghrádú iomlán ar an bhfoirgneamh agus anois is spás oibre comhroinnte é Campas Íosagáin atá curtha in oiriúint do ghnólachtaí.  An Saol Ó Dheas will be broadcasting live from Campas Íosagáin, for the official opening of the regional develiopment hub in Baile Mhuirne. The building was completely refurbhished and is now being used as a coworking space for businesses.