Sa tsraith seo gach seachtain, cloisfidh muid scéalta miotasacha Thuatha Dé Danann in Éirinn. Is é an t-údar agus an t-aisteoir Diarmuid de Faoite a dhéanfaidh cur i láthair drámatúil ar na scéalta eachtrúla seo gach seachtain, le ceol nua-chumtha le Colm Mac Con Iomaire. Inniu, cloisfidh muid an scéal Dea-Ghníomh (Mac Balor na Súile Nimhe). Insíonn Diarmuid de Faoite dúinn conas mar a chas Aonghus Síor Óg agus Daighde an Cheoil le mac Balor, agus na hiarrachtaí a rinneadar múineadh dó conas dea-ghníomh a dhéanamh, mar nach raibh aon taithí aige ar a leithéid. Léiriú le Máiréad Uí Dhomhnaill. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.
This series is based on the mythical adventure stories of the Tuatha Dé Danann in Ireland. Each week, actor and author Diarmuid de Faoite will present a dramatic interpretation of one of the stories, with newly-composed music by Colm Mac Con Iomaire. Today, in the story Dea-Ghníomh, we learn how Aonghus Síor Óg and Daighde an Cheoil try to teach Balor’s son how to do a good deed. This is some of the richest storytelling we have, although much of it has been forgotten. Produced by Máiréad Uí Dhomhnaill. This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee.