‘An Drochshaol in Athuair’ an téama atá le hÉigse na Brídeoige i mbliana, a bheidh dírithe cuid mhaith ar na dúshláin atá romhainn leis an athrú aeráide. Beidh an fhéile ar siúl ón lá inniu go dtí an Domhnach, agus beidh cainteanna ann faoi chúrsaí iascaireachta, faoin fhoinsí fuinnimh inathnuaite, faoi chúrsaí mara, agus faoi stair na haeráide sa tír seo, agus chomh maith leis sin beidh seisiúin amhránaíochta, coirm cheoil, scéalaíocht, ceardlann chrosanna Bhríde agus neart eile ar siúl. Beidh Helen Ní Shé agus foireann an chláir ag teacht beo ón gceantar, ó Stáisiún Aimsire Dhairbhre, inniu agus súil chun cinn acu ar an bhféile.
‘The Climate Change Challenge’ is the theme for this year’s Éigse na Brídeoige festival, taking place in the Iveragh Peninsula at this time every year. The festival runs from today to Sunday, and includes talks on fishing, renewable energy sources, climate change and the sea, and the history of climate change in Ireland, as well as singing sessions, a concert, storytelling, a St Brigid’s Cross workshop, and lots more. Helen Ní Shé and team will be in the area today, broadcasting live from the Valentia Observatory, with a look ahead at the weekend’s events.