Tús Áite

Beidh Tús Áite ag craoladh beo as caifé agus bialann An Nead i mBaile Mhuineacháin inniu agus Painéal an Luain ar leith againn. Beidh ceannródaí Gaeilge an Chondae, Breandán Ó Dufaigh, iar-Phríomhoide Choláiste Oiriall, Hannah Ní Néill, fiseateiripeoir atá ag obair ar an mbaile ann, maraon le Paddy Flood, Stiúrthóir le Bord Traenála is Oideachais Chábhán agus Muineacháin agus Faela Ní Dhomhnaill, múinteoir ealaíona Choláiste Oiriall i mbun scéalta móra nuachta an lae. Beidh Cathaoirleach Muineacháin le Gaeilge, Seán Ó Murchadha agus daoine eile nach iad le plé a dhéanamh ar dhul chun chinn An Nead mar ionad shóisialta agus pobail agus leis an mborradh atá fén nGaeilge sa cheantar agus sa chondae. 

Tús Áite will be broadcasting life from the An Nead cafe in Monaghan town today with a special panel. 

Tús Áite – Fachtna Ó Drisceoil