Slán go Feoil

Slán go Feoil follows a group of devoted carnivores as they embark on a bold challenge: giving up meat for an entire month. With guidance from expert nutritionists, chefs, and food enthusiasts, they discover the impact of a plant-based diet, changing their relationship with food along the way. Engaging, warm, and humorous, Slán go Feoil presents an exploration of vegetarianism based in three locations: Kerry, Donegal and Belfast.

Episode 2: Doctor visits, kombucha, and vegetarian feasts! As the challenge gets underway, contributors from Belfast, Daingean Ui Chúís, and Donegal dive deeper into meat-free living. In Belfast, Storm and Conor visit the doctor for baseline blood tests — the first step in tracking how the month-long challenge may affect their health. Clare explores vegetarian cooking at a café in Daingean Uí Chúis before learning how to make kombucha. In Donegal, Manus and Catriona prepare a vegetarian feast for their wider family. Father Brian visits Krishna Island, where naturalist Éanna Ní Lamhna examines the environmental impact of the meat industry. In Kerry, Helena meets old friend Toose to discuss how people ate in the past, and in Cork Professor Jens Walter explains the microbiome — and how a vegetarian diet could affect the health of all seven contributors.

Ar Slán go Feoil, feictear grúpa daoine ar breá leo feoil ag féachaint le dúshlán mór a shárú: éirí as feoil a ithe go ceann míosa. Le cúnamh treorach ó bhia-eolaithe, ó chócairí agus ó dhaoine eile ar breá leo bia, foghlaimíonn siad faoin tionchar a bhíonn ag aiste bia atá bunaithe ar phlandaí agus tagann athrú le linn na míosa ar an gcaoi a gcaitheann siad bia. Clár spéisiúil, croíúil, greannmhar é Slán go Feoil ina ndéantar cíoradh ar cheisteanna faoi fheoilséanadh i dtrí cinn d’áiteanna: Ciarraí, Dún na nGall agus Béal Feirste.

Clár 2:

Cuairt ar an dochtúir, kombucha agus féastaí feoilséantóirí! De réir mar a chuirtear tús leis an tréimhse míosa, déanann rannpháirtithe as Béal Feirste, Daingean Uí Chúis agus Tír Chonaill cíoradh níos géire ar an saol saor ó fheoil. I mBéal Feirste, téann Storm agus Conor chuig an dochtúir go ndéantar tástáil fola bonnlíne — an chéim tosaigh maidir le súil a choinneáil ar éifeacht aiste bia na míosa ar a gcuid sláinte. Foghlaimíonn Clare faoi chócaireacht d’fheoilséantóirí ag café sa Daingean agus faoi dhéanamh kombucha di féin agus, i nDún na nGall, ullmhaíonn Manus agus Caitríona féasta feoilséantóirí do chuid mhór dá muintir. Tugann an tAthair Brian cuairt ar oileán Krishna agus scrúdaíonn Éanna Ní Lamhna, bean dúlra, an chaoi a dtéann tionscal na feola i bhfeidhm ar an timpeallacht. I gCiarraí, buaileann Helena le Toose, seanchara dá cuid, go bpléann nósanna iteacháin daoine san am a caitheadh, agus i gCorcaigh, míníonn an tOllamh Jens Walter an micribhithóm — agus an tionchar a d’fhéadfadh aiste bia feoilséanta a imirt ar shláinte an uile dhuine den seachtar.