Bóthar na Smaointe

Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a thugann léargas uathúil ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan, sna seánraí ceoil seo. Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon ar Aoife le linn a hóige agus í in éineacht lena hathair Mick O’Brien, ar chleachtaithe do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin agus The Famine Suite, i measc go leor eile. Tá sé tráthúil gur ar Aoife a bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo i mbliana – coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon, nach maireann. Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Cormac McCarthy (Pianó), Mick O’Brien (Píb Uileann), Dan Bodwell (Olldord) agus Stephanie Keane (Damhsóir). Is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é Bóthar na Smaointe do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bóthar na Smaointe is a major new work by renowned musician & composer Aoife Ní Bhriain, inspired by her journey to date as a musician and how she has navigated a unique path between the worlds of Classical and Traditional music – as a master of both. Charlie Lennon was a significant early inspiration for Ní Bhriain and it’s fitting that this new work pays tribute to this special relationship that formed when Aoife would accompany her father Mick on visits to the Lennon household for rehearsals of Charlie’s works including Island Wedding, The Famine Suite and many others. 

Commissioned by Stiúideo Cuan, this new work features a world-class ensemble, including Cormac McCarthy (piano), Mick O’Brien (uileann pipes), Dan Bodwell (double bass), Stephanie Keane (dancer) & Aoife Ní Bhriain (violin) 
 

Stiúideo Cuan – Bóthar na Smaointe. Aoife Ní Bhriain
Stiúideo Cuan – Bóthar na Smaointe. Cormac McCarthy (piano), Dan Bodwell (double bass), Aoife Ní Bhriain (violin), Stephanie Keane (dancer) , Mick O’Brien (uileann pipes),
Stiúideo Cuan – Bóthar na Smaointe. Stephanie Keane