Ep 2 DeBarra’s – Clonakilty
We hear stories about how Noel Redding, the base player from the Jimmy Hendrix experience came to hold court here for nearly 20 years in the renowned Folk Club, attracting national and international talent who helped change the cultural and music character of the town itself.
Another residency of renown is John Spillane and his Band of Wrens who makes the pilgrimage to perform in Debarra’s for this episode, as he has done for the past 23 years. New kids on the block, The Cardinals from Kinsale deliver a powerhouse of a performance on the venue’s intimate stage. Local talent is at the heart of this episode, with performances from some of West Cork’s most talented traditional musicians, including Jimmy Murray and Richard Lucey and local singer songwriter Rawney. Last but not least, The Kates rock the stage with their five piece all-female ensemble of local musicians who use spellbinding harmonies to create their unique new sound.
Clár 2 – De Barras, Cloich na Coillte
Sa dara clár den tsraith, tugaimid cuairt ar De Barras i gCloich na Coillte– lárionad ceoil teaghlaigh atá ag fáiltiú lucht leanúna ceoil le breis agus 50 bliain. Buaileann muid leis an úinéir Ray Blackwell agus le bunaitheoir an ionaid, Bobby Blackwell. Cloisimid scéalta faoi conas a tháinig Noel Redding, giotáraí bas an Jimi Hendrix Experience, le bheith ina dhuine mór le rá sa chlub ceoil tíre anseo ar feadh beagnach 20 bliain, ag mealladh ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a d’athraigh go hiomlán cultúr agus carachtar ceoil an bhaile.
Fillfidh John Spillane agus a bhanna “the Wrens” ar an stáitse mar a rinne siad le 23 bliain anuas. Tugann The Cardinals ó Cionn tSáile léiriú leictreach ón stáitse beag, agus beidh taibhléirithe áitiúla ar nós Jimmy Murray, Richard Lucey agus Rawney le cloisteáil. Mar bhuaicphointe, cuirfidh The Kates – banna uile-bhean áitiúil – a bhfuaim úrnua i láthair.
Series Overview
Seisiún is back with four more incredible nights of live music from legendary venues synonymous with the best Irish contemporary music of the past 40 years. These iconic are opening their doors to musician Muireann Nic Amhlaoibh showcasing the best and brightest of bands, musicians and singers who have proud associations with these much cherished independent venues. Bell X1, The Hothouse Flowers, Jack Lukeman, Mary Coughlan, The Cardinals, John Spillane, Ryan Sheridan and Gurriers join us to celebrate the rich musical heritage of The Roisin Dubh in Galway, DeBarras in Clonakilty, The Spirit Store in Dundalk and Cleeres in Kilkenny City
Trailblazing new talent such as IMLE, The Kates, Annika Kilkenny, Rawney and Dug are just some of the names who cut their musical teeth performing live in these special spaces and they join in this unique celebration.
Tá SEISIÚN ar ais le ceithre oíche iontacha eile de cheol beo ó ionaid cháiliúla a bhfuil baint acu leis an gceol comhaimseartha Éireannach is fearr le 40 bliain anuas. Tá na hionaid íocónacha seo ag oscailt a ndoirse don cheoltóir Muireann Nic Amhlaoibh agus í ag cur i láthair na mbannaí, na gceoltóirí agus na h-amhránaithe is fearr agus is gile a bhfuil dlúthbhaint acu leis na hionaid neamhspleácha seo atá chomh muinteartha leis an bpobal. Beidh Bell X1, The Hothouse Flowers, Jack Lukeman, Mary Coughlan, The Cardinals, John Spillane, Ryan Sheridan agus The Gurriers in éineacht linn le ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shaibhir cheoil a bhaineann leis na hionaid: An Róisín Dubh i nGaillimh, DeBarras i gCloich na Coillte, The Spirit Store i nDún Dealgan, agus Cleeres i gCathair Chill Chainnigh.
Tá tallann úrnua agus ceannródaíoch ar nós IMLÉ, The Kates, Annika Kilkenny, Rawney agus Dug i measc na n-aíonna a fuair a gcéad sheans ag seinm beo sna háiteanna speisialta seo agus beidh siadsan lárnach sa cheiliúradh uathúil seo.
I gcroílár na n-ionad seo tá daoine díograiseacha atá tar éis na doirse a choinneáil ar oscailt i rith tréimhsí maithe agus dona araon. Sin iad leithéidí Johnny Holden i gCleeres a insíonn dúinn faoi ról tábhachtach na hionaid seo i gcur ceoltóirí nua chun cinn, nó Derek Turner sa Spirit Store agus Bobby Blackwell i DeBarras ag cuimhneamh siar ar na hainmneacha clúiteacha a sheinn ar a stáitsí agus a líon na hionaid seo! Leagan Gugai McNamara sa Róisín Dubh agus Ray Blackwell i DeBarras béim ar thábhacht agus suntas na n-ionad seo mar phointe fócasach cultúrtha agus mar spásanna sóisialta a chuireann go mór le pobail áitiúla, le cultúr ceoil réigiúnach, agus thar aon rud eile mar spásanna inar féidir le bannaí nua a scileanna a fhoghlaim agus a chothú.
Cé go gcoinníonn na tithe ceoil a gcarachtar croíúil, áitiúil agus réchúiseach, tá clú agus cáil bainte amach ag ionaid neamhspleácha cosúil leis an Róisín Dubh, DeBarras, an Spirit Store agus Cleeres mar ionaid cheoil bheo atá ar comhchéim, nó b’fhéidir níos fearr, ná hallaí ceolchoirme agus amharclanna i bhfad níos mó, níos galánta agus níos fearr maoinithe. Agus tá siad á dhéanamh seo gan mórán tacaíochta nó acmhainní ón stát. Tá sé mar aidhm ag Seisiún mothú bróid agus muintearais a threisiú, bunaithe ar na hionaid seo, ar a suíomhanna ar leith, agus ar an streachailt leanúnach atá acu fanacht ar an bhfód.
Bí linn chun céiliúradh a dhéanamh ar laochra an cheoil Ghaelaigh a fhágtar ar leataobh go rómhinic agus na hionaid a sheas an fód agus a chothaigh na healaíontóirí is ildánaí sa tír. Féasta ceoil le teacht ar Seisiún!

