Jó Johnny Joe ***NEW SERIES***

Is mór-shraith nua dhrámaíochta dúghrinn raidió é Jó Johnny Joe, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill, 45, atá faoi bhrú ag iarraidh caidreamh a chothú lena iníon Jó-B (15). Níl a bhean Maggie (46) sásta beag ná mór leis mar, cé gur duine lách é, níl cuma ná caoi ar Johnny mar chéile, agus é ag caitheamh formhór dá chuid ama lena athair féin, Joe Mór (75), an duine is mó sa saol go dtaitníonn ceol Johnny leis. Seachnaíonn Johnny aighneas seasta, ach cothaíonn a chuid teicnící seachanta aighneas cinniúnach dó féin sa deireadh.

Nascann an mór-shaothar nua drámaíochta seo ceol beo den scoth le greann agus brón i scéal corraitheach, siamsúil, teannasach, a bhfuil scoth na n-aisteoirí gairmiúla páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain, i measc go leor eile.

Tá Jó Johnny Joe, scríofa ag an drámadóir aitheanta, Darach Mac Con Iomaire. Léiriú é seo de chuid Stiúideo Cuan, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán, arna mhaoiniú ag an táille ceadúnais teilifíse.

Jó Johnny Joe is a major new radio drama series, a dark comedy about musician Johnny Ó Dúill, 45, who’s under pressure as he tries to build a relationship with his daughter Jó-B (15). His wife Maggie (46) is far from impressed with him: although Johnny is a kind soul, he’s a poor excuse for a husband, spending most of his time with his own father, Joe Mór (75), the one person in the world who truly appreciates Johnny’s music. Johnny avoids confrontation at all costs, but his conflict-avoidance tactics ultimately lead to a reckoning of his own.

This powerful new drama blends top-class live music with humour and heartbreak in a gripping, entertaining and emotionally charged story, featuring a stellar cast of professional actors, including: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain and more.

Jó Johnny Joe is written by acclaimed playwright Darach Mac Con Iomaire. It is a production by Stiúideo Cuan, in collaboration with RTÉ Raidió na Gaeltachta and Coimisiún na Meán, funded by the television licence fee.

Jó Johnny Joe – Darach Ó Dubháin (Johnny Ó Dúill)
Jó Johnny Joe – Macdara Ó Fátharta (Joe Mór)
Jó Johnny Joe – Sorcha Ní Chéide (Maggie)
Jó Johnny Joe – Foireann
Jó Johnny Joe -Máire Eilís Ní Fhlatharta agus Fionnuala Ní Neachtain
Jó Johnny Joe – Darach ó Dubháin agus Ella Nic Dhomhnaill
Jó Johnny Joe – playwright Darach Mac Con Iomaire
Jó Johnny Joe – Ella Nic Dhomhnaill