Dragon Hearts is a life-affirming documentary not just about sport and competition, but about survival, living with purpose, and finding joy – even in the toughest of times.
What sets these paddlers apart from other rowing clubs is that every rower has been touched, directly or indirectly, by the dreaded Big C.
In this landmark new documentary, we meet some of the many people who have taken up the sport in recent years. We travel from Dublin to Donegal, Carlow, Sligo, Mayo and Cork to meet ordinary people brought together in the worst of circumstances, now bonded in competitive camaraderie by this most unique of sports.
Dragon boat racing is an ancient Chinese sport with over 2000 years of history. But it is now also one of the fastest-growing water sports worldwide. In the 1990s, the sport was trialed by researchers in Canada as a treatment for breast cancer survivors; the sport was shown to boost upper-body strength in breast cancer patients and survivors and, as a result, to improve their psychological wellbeing and overall medical outcomes.
In Ireland, the first Dragon Boat Club was set up in 2010 in Dublin. Dragon Hearts introduces viewers to some of the Plurabelle Paddlers who first brought the sport to Ireland, and we meet members of some of the clubs they have supported nationally over the past decade, including Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors in Sligo, the Gráinne Mhaol Dragon Boat Club in Mayo, and the Donegal Dragons. With exquisite photography and glorious aerial and underwater footage, we follow men and women from these clubs through a season of training and racing.
As they battle it out at events all over the country, we chronicle their triumphs and tribulations, capturing moments of joy, pain, loss, and victory. We watch them train tirelessly, compete fiercely, and support one another.
Each stroke of the paddle carries meaning, not just in the physical sense, but as a marker of each rower’s individual battle with breast cancer.
Clár faisnéise croíúil Dragon Hearts nach faoi spórt agus rásaíocht amháin é, ach faoi theacht slán, maireachtáil go beo beathach agus bisiú le barr brí – fiú nuair is géire cás an duine.
“Déarfaidh daoine cuid mhór rudaí leat faoi mhaireachtáil agus faoin mbás, ach nuair a thagann an crú ar an tairne, is é a déarfaidh mórchuid na ndaoine ‘lig dom maireachtáil’. Agus is é is fearr liomsa maireachtáil.”
Tá Mark O’Connor ar dhuine díobh siúd a chuir ar bun an Cork Dragon Boat Club, club iomartha as an ngnách. Is beag nach curfá na focail sin dá chuid ag na céadta ar fud na hÉireann atá ina mball de chlub bád dragain; fir agus mná a théann amach gach seachtain ar locha, ar aibhneacha agus ar an bhfarraige i mbun spórt faoi leith.
Is é an difríocht idir na céaslóirí seo agus daoine i ngach cineál club rámhaíochta eile, gur tháinig Ailse salach ar an saol ag an uile dhuine acu, go díreach nó go hindíreach.
Sa chlár suntasach faisnéise seo, buailtear leis an iliomad duine a bhfuil tosaithe acu ar an spóirt seo le blianta beaga anuas. Buailtear bóthar as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill, Ceatharlach, Sligeach, Maigh Eo agus Corcaigh go bhfeictear gnáthdhaoine a tarraingíodh le chéile mar gheall ar dhrochscéala agus an spórt faoi leith seo ina cheangal eatarthu anois.
Cineál ársa spóirt an rásaíocht bád dragain atá á chleachtadh sa tSín le dhá mhíle bliain agus níos mó. Tá sé anois ar cheann de na cineálacha spóirt uisce is mó a bhfuil borradh faoi ar fud an domhain. I rith na 1990idí, chuir dream taighde i gCeanada suim ann mar spórt a bheadh go maith ag daoine tar éis ailse cíche; chonacthas gur neartaigh an spórt uachtar na colainne ag othair ailse cíche agus ag daoine a bhí ag teacht uaidh agus go ndearna sé maitheas síceolaíochta freisin agus don tsláinte go ginearálta.
Sa bhliain 2010 a cuireadh an chéad Chlub Bád Dragain in Éirinn ar bun i mBaile Átha Cliath. Feictear roinnt de na Plurabelle Paddlers ar Dragon Hearts, an chéad dream sin a thug faoin spórt sa tír seo, chomh maith le daoine as roinnt de na clubanna eile ar fud na tíre a tugadh chun cinn le deich mbliana anuas, ina measc na Carlow Warriors, Medb’s Dragon Warriors i Sligeach, an Gráinne Mhaol Dragon Boat Club i Maigh Eo agus na Donegal Dragons. Tá ceamaradóireacht álainn ann, ón aer anuas, ón uisce aníos agus eile, agus fir agus na mná na gclubanna seo á leanúint ar feadh séasúr iomlán traenála agus rásaíochta.
Téann siad san iomaíocht ag rásaí ar fud na tíre agus feictear bua agus cailliúint, spraoi, dua, díomá, bís agus sceitimíní. Feictear iad ag traenáil go dícheallach, ag rásaíocht go díocasach agus ag seasamh le chéile go dílis.
Is mór an ní gach buille céaslóireachta, ní hamháin maidir leis an mbád a thiomáint chun cinn ach maidir le sárú ailse cíche ag gach uile dhuine de na céaslóirí féin.
Beidh Dragon Hearts á chraoladh Dé Luain, an 2 Meitheamh ag 6:30 i.n. ar RTÉ One & ar an RTÉ Player.





