Beidh cluichí ar siúl i mBaile Átha Buí, i nDún Doire, Ráth Chairn agus i mBaile Ghib inniu agus Comórtas Peile na Gaeltachta faoi lán tseoil. Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair ar feadh an lae ón 11 a chlog ar maidin go dtí go mbuailfear an cic dheireanach ar an liathróid tráthnóna. Beidh siad ag craoladh beo ón gcomórtas ar feadh an deireadh seachtaine.
With Comórtas Peile na Gaeltachta in full swing there will be games taking place in Baile Átha Buí, Dún Doire, Ráth Chairn and Baile Ghib today. The RTÉ Raidió na Gaeltachta sports team will be broadcasting from 11am Saturday morning until the last ball is kicked that evening. They will be broadcasting live from the Comórtas Peile for the entire weekend.
