Clár uair a chloig ar fhad atá sa chlár “Éist le Seo” ina mbeidh rogha ceoil Brian Danny Minnie Ó Domhnaill á chur i láthair, chun éisteoiri a chur ar a sáimhín só tráthnóna, Dé Domhnaigh. Ceol agus amhráin Ultacha den chuid is mó a bheas le clos ar an chlár, agus beidh go leor sean amhráin bhreátha le scoth cheoltóirí Thír Chonaill le clos, le cois ceol agus amhráin úra agus go leor píosaí meidhreacha a chuirfidh gliondar ar do chroí. Tá suim iontach ag Brian i scéalta na n-amhráin, na sean amhráin go háirithe, rud a bheidh le clos uaidh sa chlár seo.
Brian Danny Minnie Ó Domhnaill hosts the new music programme “Éist le Seo”. This new programme will take listeners on a captivating journey through the heart of Ulster music, with a special focus on the soulful traditions of Donegal songs. This series promises to deliver many unheard songs, carefully curated to highlight the rich musical heritage of the region. Listeners can look forward to soothing melodies and lively traditional songs and music.
