Éist le Seo

Cuirfidh an ceoltóir aitheanta Brian Danny Minnie Ó Domhnaill tús le sraith úr de chláracha ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach an 16ú Márta. Clár uair a chloig ar fhad a bheidh sa chlár “Éist le Seo” ina mbeidh rogha ceoil Bhrian á chur i láthair, chun éisteoiri a chur ar a sáimhín só tráthnóna Dé Domhnaigh. Ceol agus amhráin Ultacha den chuid is mó a bheas le clos ar an chlár, agus beidh go leor sean amhráin bhreátha le scoth cheoltóirí Thír Chonaill le clos, le cois ceol agus amhráin úra agus go leor píosaí meidhreacha a chuirfidh gliondar ar do chroí. Tá suim iontach ag Brian i scéalta na n-amhráin, na sean amhráin go háirithe, rud a bheidh le clos uaidh sa chlár seo. Dúirt Brian Ó Domhnaill go bhfuil sé ag súil go mór leis an sraith nua ceoil seo. Tá mé ag ceol agus ag seinm i rith mo shaoil agus dúil mhillteanach agam sa cheol Ghaelach. Cuireann sé áthas orm agus tógáil croí dom a bheith ábalta cuid den sárcheol seo a chuir i bhur láthair agus a roinnt libh. Bíonn scéalta beaga deasa ag gabháil leis na hamhráin go minic agus cuidíonn seo le pléisiúr a bhaint astu.Craolfar an clár seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Domhnach óna 7 a chlog.

Renowned singer Brian Danny Minnie Ó Domhnaill will host a brand-new music series on RTÉ Raidió na Gaeltachta, beginning this evening Sunday 16th March. This new show “Éist le Seo” will take listeners on a captivating journey through the heart of Ulster music, with a special focus on the soulful traditions of Donegal songs. This series promises to deliver many unheard songs, carefully curated to highlight the rich musical heritage of the region. Listeners can look forward to soothing melodies and lively traditional songs and music. Brian Ó Domhnaill said he was very much looking forward to the new series. “I’ve been playing and singing Irish traditional music all my life and I’m delighted to be able to present some of this fantastic music and talent to you. Many of the songs have lovely stories behind them and it will be great to tell you some of these so you can better enjoy the song.” Éist le Seo will air on RTÉ Raidió na Gaeltachta each Sunday evening from March 16th commencing at 7.00pm

Brian Danny Minnie
Brian Danny Minnie