Clár 3 / Episode 3
Matty is looking for ideas to bring more innovation to his farm. Siobhán’s battling a cough that has spread through her goat herd.
Tá Matty ag lorg smaointe nuálacha dá fheirm. Tá Siobhán ag dul i ngleic le casacht atá ag scaipeadh i measc na ngabhar.
Saol na Feirme
Saol na Feirme returns to explore the lives of seven Irish farming families as they try to navigate the unpredictable challenges of the past 12 months. Set against the stunning backdrops of Armagh, Antrim, Clare, Galway, Laois, and Roscommon, the series delves deep into the lives of farmers managing tillage, dairy, beef, sheep, and vegetable businesses.
2024 brought unique challenges including record-breaking bad weather that proved the farmers’ resilience. In this six-part documentary series, we witness how these families adapt to unpredictability and embrace innovation to sustain their farms while still honoring the traditions passed down through generations.
From battling extreme conditions to launching new ventures, the farmers’ journeys reveal the determination, creativity, and heart it takes to thrive in modern agriculture.
Tá Saol na Feirme ar ais le hiniúchadh a dhéanamh ar an saol atá ag seacht dteaghlach feirmeoireachta agus iarracht á déanamh acu dul i ngleic leis na dúshláin a bhí rompu le bliain anuas. Léargas ar fheirmeoirí a bhíonn ag plé le réimse gnólachtaí atá sa tsraith seo, curaíocht, déiríocht, mairteoil, caoirigh agus glasraí ina measc, agus tá ceantair ghalánta mar chúlra ag an obair seo ar fad in Ard Mhacha, Aontroim, An Clár, Gaillimh, Laois agus Ros Comáin.
Is iomaí dúshlán a thug 2024 léi, drochaimsir nach bhfacthas a leithéid riamh ina measc, ach is cinnte go bhfuil teacht aniar sna feirmeoirí. Sa tsraith sé chuid seo, feicimid an chaoi a dtéann na teaghlaigh seo i ngleic le rudaí nach raibh siad ag súil leo agus an chaoi a nglacann siad leis an nuálaíocht chun a gcuid feirmeacha a choimeád ag imeacht, bíodh is go bhfuil meas fós á léiriú acu ar na sean-nósanna a tháinig chucu ó ghlúin go glúin.
Idir an drochaimsir agus na fiontair nua, nochtann aistir na bhfeirmeoirí an díograis, an chruthaitheacht agus an misneach atá ag teastáil le bheith faoi bhláth i dtalmhaíocht na linne seo.

