Inniu sa tsraith seo faoi amhránaithe agus cumadóireacht chomhaimseartha na Gaeilge beidh Colm Mac Séalaigh ag díriú ar cheirníní singil ó na hochtóidí. Beidh aíonna sa stiúideo leis le pléigh a dhéanamh ar an gceol sin, an spreagadh a fuair siad le dul i mbun cumadóireachta agus an tábhacht a bhí leis an gceol. Ar na haíonna beidh Philip King, Gearóid Ó Murchú, Ruaidhrí Ó Báille agus Rónán Ó Snodaigh. Beidh ceol le cloisteáil againn ó na ceoltóirí sin agus tuilleadh nach iad le linn an chláir. Is athchraoladh é seo.
This week our series about contemporary songwriters working in the Irish language, presented by Colm Mac Séalaigh, will focus on singles from the early eighties. Colm will be joined in studio by Philip King, Gearóid Ó Murchú, Ruaidhrí Ó Báille and Rónán Ó Snodaigh, and we’ll hear music from Philip, Gearóid, Ruaidhrí and Kila during the show. Colm will discuss with his guests the art of composition, what inspires them, their work methods and their own lives. This is a repeat programme.