Beidh meascán d’amhráin na Nollag, sean amhráin agus na singil nua atá eisithe, ar chlár na seachtaine seo. Tá riar mhaith amhránaithe tar éis amhrán nua Nollag a thaifead agus beidh cuid acu sin le cloisteáil anocht. I measc na réalta sin, tá Dana; Jenny Hanlon & Eimear Quinn. Beidh eolas ag Jó Ní Chéide freisin faoi ghigeanna ceoil & ceoilchoirmeacha a bheidh ar bun ar feadh na Nollag ins na h-ionaid mhóra ceoil tíre agus na hallaí damhsa. Beidh Mike Denver; Claudia Buckley; Mogey & Duffy; Effie Neill; Martin Cuffe; Michael English & Shauna McStravock ar ord na h-oíche anocht freisin.
On tonight’s programme of An Bóthar go Nashville, there will be a mix of Christmas songs, older songs and the newest singles that have been released. Many singers have recorded new Christmas songs and some of those will be heard on tonight’s programme. Among those stars will be Dana; Jenny Hanlon & Eimear Quinn. Jó Ní Chéide will also have information for the listeners on some of the gigs and concerts which will take place during Christmas in dance halls and other venues throughout the country. Mike Denver; Claudia Buckley; Mogey & Duffy; Effie Neill; Martin Cuffe; Michael English & Shauna McStravock will also be heard on tonights programme.
