Beidh toghchán na huachtaránachta ar siúl i Meiriceá Dé Máirt, agus beidh Máirín Ní Ghadhra thall i Nua Eabhrac agus í ag tuairisciú ar Adhmhaidin, Nuacht a hAon agus Tús Áite an tseachtain seo ar an scéal is déanaí sa rás. Coinneoidh sí éisteoirí ar an eolas le plé agus anailís ar na pobalbhreitheanna, an tuairimíocht i measc an phobail, torthaí an toghcháin agus na himpleachtaí polaitiúla a bhaineann leis.
The US presidential election takes place on Tuesday, and Máirín Ní Ghadhra will be reporting for RTÉ Raidió na Gaeltachta news programmes Adhmhaidin, Nuacht a hAon and Tús Áite from New York all week. She will be bringing listeners reports and analysis on the latest opinion polls, voter sentiment on the ground, the results and the reactions as we wait to learn who will become the next President of the USA.