Pé Scéal É

Ar an gclár seo, beimid ag teacht chugaibh beo ón gcaifé nua de chuid Ghlór na Móna in Uachtar Chluanaí i mBéal Feirste, Anam – Caifé na Carraige. Tá Glór na Móna ag ceiliúradh 20 bliain a bhunaithe i mbliana agus labhróidh muid le roinnt dóibh siúd a d’fhreastal ar imeachtaí nó ranganna le Glór na Móna i rith an ama sin. Mar chuid dá cheiliúradh, cloisfimid faoi Fhéile na Carraige na bliana seo, beidh ceol beo againn agus neart craic i measc phobal Bhéal Feirste.

Today’s show will be broadcast live from Glór na Móna’s new cafe in Uachtar Chluanaí, Belfast, Anam – Caifé na Carraige. Glór na Móna is celebrating its 20th anniversary this year and we will speak to some of those who attended events or classes with Glór na Móna during that time. As part of the celebrations, we will hear about this year’s Féile na Carraige and have live music and craic with the people of Belfast.

Máire Treasa Ní Dhubhghaill