An Saol Ó Dheas

Tá Comhdháil Oileáin na hÉireann 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh ceiliúradh á dhéanamh ar ról na Comhdhála i bhforbairt agus i gcosaint na n-oileán ó 1984 i leith ag teacht le chéile atá le bheith in Inis Oírr ar an 18ú agus 19ú Meán Fómhair. Bhí Cléire, oileán Ghaeltachta amach ó chósta Chorcaí ar cheann de na sé cinn déag d’oileáin a bhí san áireamh nuair a bunaíodh an Chomhdháil i 1984 agus beidh cuid de mhuintir Chléire agus scata eile nach iad le clos ar an gclár beo ó Inis Oírr inniu.

The Irish Islands Federation is 40 years this year and will celebrate its role in the development and protection of the islands since 1984 during a get together in Inis Oírr on the 18th and 19th September. Cléire, a Gaeltacht Island off the coast of Cork was one of the sixteen islands included when the Federation was established back in 1984 and some of the people of Cléire and many others will be heard on An Saol Ó Dheas today as the team broadcast live from Inis Oírr.

Helen Ní Shé
Helen Ní Shé