Cóisir Cheoil

Beidh sé ina cóisir i gcónaí idir a trí agus a cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go dtí’n Déardaoin le Dónall Mac Ruairí agus é ar an stiúir arís ar an Chóisir Cheoil. Tá sé bliana caite ag Dónall mar léiritheoir ar ‘Bárrscéalta’ agus mar a chur sé féin é “Cé go bhfuil lúcháir mhór orm aghaidh a thabhairt ar an Chóisir Cheoil arís beidh sé saoithiúil bheith ag obair ar chlár go haonarach, tá sé bliana caite agam ag obair ar Bharrscéalta, agus caithfidh mé a rá gur mhór an onóir agus an pléisiúir dom bheith ag obair ar an chlár i measc foireann den scoth. Chuir mé aithne níos fearr ar phobal na Contae agus leoga na Cúige agus mairfidh na cuimhní sin go deo.” Is ball é Dónall den ghrúpa ceoil teaghlaigh Clann Mhic Ruairí agus dar leis go bhfuil saol an cheoil athruithe ar fad go háirithe ó tháinig na seirbhísí sruthú chun cinn. Tá sé den bharúil go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh na seoid cheoil fhiúntacha a aimsiú atá i bhfolach i measc an chonamair agus a chur i láthair an phobail. “Nach deas an deis é”, a dúirt Dónall, “Cluas éisteachta a thabhairt don cheol agus é a chur i láthair don saol mhór, agus beidh achan chinéal le cluinstin ar an chlár idir – ceol cine, ceol traidisiúnta agus ceol domhanda… sílim go dtig agus gur fiú snáithí an cheoil a shnoí le chéile agus is gá sin a dhéanamh le féasta ceoil nó cóisir cheoil a chruthú.”

There will be a feast of music on RTÉ Raidió na Gaeltachta every Monday to Thursday with Dónall Mac Ruairí presenting Cóisir Cheoil. Dónall has spent 6 years as the producer of Barrscéalta and as he put it himself, “while I’m delighted to take the helm of Cóisir Cheoil again it will be a learning experience working on the programme alone, I spent 6 years working on Barrscéalta, it was an honour and a pleasure to work on the show among such a fantastic team. I got to know the people of the county and indeed the province better and those memories will last forever.” Dónall is a member of the family music group Clann Mhic Ruairí and believes the world of music has completely changed, especially since the emergence of streaming services. He thinks it’s more important now than ever to find the worthwhile musical treasures hidden among the convoy and its presentation to the public. “It’s a great opportunity”, Dónall says, “to listen to music and to present it to the world, and the programme Cóisir Cheoil will have everything from race, traditional and worldwide music.” Dónall thinks it’s possible and worthwhile to carve out the strands of music together and that needs to be done to create a music banquet or a music party.

Dónall Mac Ruairí