An Bóthar go Nashville

Beidh an chéad chlár den sceideal nua An Bóthar go Nashville ag díriú ar cheol tíre na hÉireann. Beidh riar amhrán nua a h-eisíodh i rith an tSamhraidh ag Jó Ní Chéide mar aon le eolas aici ar imeachtaí ceoil a bheas ar siúl sa bhFómhar ar fud fad na tíre. I measc na n-amhránaithe a bheidh ar chlár na seachtaine seo, beidh Gavin Gribben, Noel Boland, Claudia Buckley, Cliona Hagan, Effie Neill, Michael English, Jordan Mogey & Annemarie O Riordain. Tá Gavin tar éis céim sa gceol a bhaint amach & neart dátaí sa dialann aige as seo go deireadh na bliana. Beidh Gavin le feiceáil ar Opry le Daniel sa bhFómhar.

The first programme of the new An Bóthar go Nashville schedule will be focusing on Irish Country and Folk Music. Jó Ní Chéide will play several new songs which were released during the Summer, and she will have information on music events taking place in the Autumn across the country. Gavin Gribben, Noel Boland, Claudia Buckley, Cliona Hagan, Effie Neill, Michael English, Jordan Mogey & Annemarie O Riordain will be among the singers on this week’s programme. Gavin graduated with a degree in music and has plenty of dates in his diary from now until the end of the year. Gavin will also be on Opry le Daniel in the Autumn.

Gavin Gribben