Cuan an Cheoil

Is iad Rónán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly a bheas sa stiúideó an tseachtain seo le Liam Ó Maonlaí. Beidh ceol beagáinín neamhghnách le cloisteáil ag na héisteoirí in eagrán na seachtaine seo, agus comhrá fealsúnach faoin gceol, céard a spreagann na healaíontóirí seo, agus an sásamh a bhaineann siad as a ngairm. Casann Rónán Ó Snodaigh an bodhrán, an ghiotár, cnag uirlisí agus is file agus cumadóir amhráin agus ceoil é freisin. Tá sé ag seinm, ag scríobh, ag cleachtadh agus ag taifeadadh leis an mbanna ceoil Kila le breis agus tríocha bliain, agus tá 8 albam aonair curtha amach aige freisin. Chas sé ar stáitsí ar fud an domhain leo sa tSeapáin, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Myles O’Reilly, ceoltóir agus scannánóir. Tá cláracha faisnéise déanta aige faoi plúr na gceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Bhunaigh sé an grúpa Juno Falls sa bhliain 2003, ach tháinig deireadh leis an ngrúpa sin sa bhliain 2010. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is athchraoladh é seo.

This week, Liam Ó Maonlaí is joined in studio by Rónán Ó Snodaigh and Myles O’Reilly. As well as some great, and unusual music, listeners will hear some interesting conversations around the philosophy of music, the joy and the gratitude these musicians feel for all that it brings them, and what inspires them. Rónán Ó Snodaigh plays bodhrán, guitar, percussion and writes poems, songs and music. He has been playing, writing and recording with the band Kila for over thirty years and releasing 8 solo albums. Myles is a musician and filmmaker from Dublin. He has directed documentaries on a host of Irish and international musicians including Glen Hansard, Sinead O’Connor and Lisa Hannigan. He formed the band Juno Falls in 2003, which disbanded in 2010. This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee. This is a repeat programme.

Liam Ó Maonlaí, Rónán Ó Snodaigh & Myles O'Reilly
Liam Ó Maonlaí, Rónán Ó Snodaigh & Myles O’Reilly