Cuan an Cheoil

Is iad Méabh Ní Bheaglaoich agus Niamh Varian-Barry a bheidh le cloisteáil i gclár na seachtaine seo agus iad i mbun ceoil agus comhrá le Liam Ó Maonlaí. Is as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne i gCiarraí do Mhéabh Ní Bheaglaoich, ceoltóir ildánach, amhránaí agus cumadóir, duine de theaghlach ceolmhar aitheanta an cheantair sin. Tá an domhan siúlta aici ag casadh ceoil, agus cuairt tugtha aici ar thíortha ar nós an tSeapáin, an Téaváin, Meiriceá, Ceanada, an Rúis agus tíortha ar fud na hEorpa. Is le blianta beaga anuas a thosaigh sí ar an gcumadóireacht, agus d’eisigh sí a céad albam aonair, Mise le Meas, sa bhliain 2021. Is as Corcaigh ó dhúchas do Niamh Varian-Barry, ceoltóir, cumadóir agus amhránaí, atá anois ag cur fúithi sa Daingean. Bhí Niamh ina príomhamhránaí leis an sárghrúpa Solas, tráth, agus is iad Martin Hayes, Máirtín O’Connor, Lúnasa, Altan agus Josh Ritter atá i measc na gceoltóirí ar chas sí ar stáitse leo go dtí seo. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is athchraoladh é seo. 

This week, Liam Ó Maonlaí is joined in studio by Méabh Ní Bheaglaoich and Niamh Varian-Barry. Méabh Ní Bheaglaoich was born into the renowned Begley musical family in Baile na bPoc, Corca Dhuibhne in the Kerry Gaeltacht. She is a singer, songwriter and musician, and her work is deeply rooted within the Irish music, language and songs of her homeplace. She has performed nationally and internationally, in countries including Japan, Taiwan, America, Canada, Russia and across Europe. She released her debut album, Mise le Meas, in 2021. Niamh Varian-Barry is originally from Cork, but now living in Dingle. She is a multi-instrumentalist, and former lead singer of American supergroup ‘Solas’. Niamh has toured the world with her music, performing alongside musicians including Martin Hayes, Máirtín O’Connor, Lúnasa, Altan and Josh Ritter. This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee. This is a repeat programme. 

Méabh Ní Bheaglaoich + Niamh Varian-Barry
Méabh Ní Bheaglaoich + Niamh Varian-Barry