Cuan an Cheoil

Is iad Johnny Óg Connolly agus Liam O’Connor a bheas sa stiúideo le Liam Ó Maonlaí in eagrán na seachtaine seo de Chuan an Cheoil. Is as Conamara do Johnny Óg Connolly, ceoltóir agus cumadóir den chéad scoth. Thosaigh sé ag casadh ar an mbosca ceoil nuair a bhí sé naoi bliana d’aois agus tá sé ag casadh leis ó shin. Ba é The Bee’s Wing an chéad albam aonair uaidh i 1990, agus tá go leor albam eile eisithe aighe ó shin, albaim aonair agus cinn eile i gcuideachta cheoltóirí eile, leithéidí Brian McGrath agus Charlie Lennon, mar shampla. Is é an fidléir aitheanta Liam O’Connor as Baile Átha Cliath atá i gcomhluadar Johnny inniu. Tá go leor obair thaighde déanta ag Liam ar chúrsaí ceoil freisin, agus tá sé ina stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais na hÉireann. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is athchraoladh é seo. 

This week Johnny Óg Connolly and Liam O’Connor join Liam Ó Maonlaí. Johnny Óg Connolly is a gifted musician and composer from Connemara. He started playing music at the age of nine and has been playing ever since. His first solo album, The Bee’s Wing, was released in 1990, and he has released several more since, both solo albums and collaborations with other musicians, including Brian McGrath and Charlie Lennon. Liam O’Connor, from Dublin, is a talented fiddler, and has also done extensive research in traditional music. This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee. This is a repeat programme. 

Liam Ó Maonlaí, Johnny Óg Connolly & Liam O'Connor
Liam Ó Maonlaí, Johnny Óg Connolly & Liam O’Connor