Saol na mBan

Ó theallaigh tuaithe go sráideanna bríomhara uirbeacha, tugann “Saol na mBan”, scéalta na mban chun beatha. Sa chéad chlár labhrann láithreoir na sraithe, Ceara Ní Choinn le mná a rugadh sna 1940idí agus roimhe sin. Máire Mhic Sheáin, duine de na cónaitheoirí Gaeltachta is sine in iarthar Bhéal Feirste. Rugadh Maggie Nic Pháidín ar oileán iargúlta Inis Bó Finne amach ó chósta iarthuaisceart Dhún na nGall, tháinig Patricia Herald ar an tsaol i ndílleachtlann i mBaile Átha Cliath ach uchtaíodh í roinnt blianta ina dhiadh sin agus chaith sí bunús a saoil i nGaeltacht Loch an Iúir. Is iar-bhean a’tí agus seanchaí í Nóra Ní Raghallaigh ó Ghaeltacht Rann na Feirste agus ar deireadh bean bhródúil de bhunadh Ard Mhaca theas ó dhúchas, an tSiúr Mairéad Ní Fhearáin a chuaigh isteach sna Cláiríní nuair a chríochnaigh sí an scoil. Is comhchraoladh idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an BBC í an tsraith seo.

“Saol na mBan” unravels women’s stories from the hearths of rural homesteads to the bustling streets of urban landscapes. In the first episode, series presenter Ceara Ní Choinn speaks to women who were born in the 1940’s and before. Máire Mhic Sheáin, one of the oldest Shaw’s Road Gaeltacht community residents in west Belfast. Patricia Herald born in a Mother and Baby Home in Dublin who was later adopted and spent most of her life in the Loch an Iúir Gaeltacht, Maggie Nic Pháidín, born on the remote island of Inis Bó Finne off the coast of northwest Donegal, Nóra Ní Raghallaigh, a former bean a’tí and seanchaí from the Rann na Feirste Gaeltacht area and proud south Armagh native, Sister Mairéad Ní Fhearáin who entered the Poor Clares sisterhood upon finishing school.

CearaNíChoinn&MaggieNicPháidín