Sa gclár ‘Focal ar Fhocal’ cloisfidh muid an leabhar ‘Cladaí Chonamara’ á léamh ag Liam Mac Con Iomaire. Séamus Mac an Iomaire as Muínis i gConamara, fear a raibh cur amach thar an ngáth aige ar an bhfarraige a scríobh an leabhar seo a foilsíodh den chéad uair sa mbliain 1938. Leabhar í seo a bhfuil ard mheas uirthi i measc iascairí agus lucht farraige mar gheall ar an eolas cuimsitheach atá ar fáil inti agus í a bheith scríofa i mbealach fíor thaithneamhach agus an-soléite.
In this programme ‘Focal ar Fhocal’ we hear Liam Mac Con Iomaire reading extracts from the book ‘Cladaí Chonamara’. Séamus Mac an Iomaire, from Muínis in Connemara, a man who was very familiar with the sea wrote this book which was first published in 1938. This book is highly regarded among fishermen and seamen due to the comprehensive information it contains, and it is written in a truly enjoyable and easy to read way.