Beidh cluichí ar siúl i bPáirc Uí Chuana i gCill na Martra, i mBaile Mhuirne agus Béal Átha’n Ghaorthaidh inniu agus tús á chur le Comórtas Peile na Gaeltachta. Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair ar feadh an lae óna 11 a chlog ar maidin go dtí go mbuailfear an cic deireanach ar an liathróid. Beidh siad ag craoladh beo ón gcomórtas ar feadh an deireadh seachtaine.
The Comórtas Peile na Gaeltachta tournament takes place in Co. Cork with matches in Páirc Uí Chuana, Cill na Martra, in Baile Mhuirne and in Béal Átha’n Ghaorthaidh. RTÉ Raidió na Gaeltachta’s sports team will be bringing listeners the action, live all day from 11am until the last kick of the ball. They’ll be live from the event all weekend.