Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta á reachtáil ag CLG Chill na Martra idir an 31ú Bealtaine agus an 3ú Meitheamh. Is é seo an dara babhta ag CLG Chill na Martra i mbun an Chomórtais Peile tar éis dóibh é a bheith ar dtúis acu i 2005. Is i bPáirc Uí Chuana i gceartlár shráidbhaile Chill na Martra a bheidh formhór na gcluichí agus beidh an Saol Ó Dheas ag teacht beo ón láthair inniu. Is é Dara Ó Cinnéide, fear a d’imir i bPáirc Uí Chuana le Cumann Caide na Gaeltachta i 2005 a chuirfidh an clár i láthair.
Comórtas Peile na Gaeltachta will be held by Cill na Martra GAA between 31st May and the 3rd of June 2024. This is the second time that Cill na Martra will run the competition, having held it for the first time in 2005. Most of the games will take place in Páirc Uí Chuana, in the heart of the Cill na Martra village and the An Saol Ó Dheas programme will be broadcasting live from there today. Dara Ó Cinnéide, who played in Páirc Uí Chuana with An Ghaeltacht in 2005 will present today’s programme.
