Tá seirbhís nua á chur ar fáil ag Aer Árann – seirbhís a thabharfaidh amharc ón aer ar Ailltreacha an Mhothair duit. Seolfar an tseirbhís seo go hoifigiúil ar an 10 Bealtaine in Aerfort Chonamara sna Minna. Le ceiliúradh a dhéanamh ar an tseirbhís nua seo, le aithne a chur ar lucht Aer Árann féin, agus le aithne a chur ar na paisinéirí a úsáideann an tseirbhís aer amach agus isteach as Oileán Árann chuile lá, beidh an clár Iris Aniar ag craoladh beo ó Aerfort na Minna ar RnaG óna 9.15 ar maidin.
Aer Arann is providing a new service that will give you an aerial view of the Cliffs of Moher. The service will be officially launched today, 10th May at Connemara Airport, in Na Minna, Indreabhán. To celebrate this new service, to get to know the people of Aer Arann itself and to get to know the passengers who use the air service in and out from the Aran Islands every day, Iris Aniar will be broadcasting live from the Connemara Airport, in Na Minna from 9.15 on RnaG this morning.