skip to main content

KAYAK Ó THUAIDH

Tugann beirt tosaitheoirí cadhcála, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, faoi thuras éachtach saoil nuair a aontaíonn siad céaslú thart le cósta thuaidh na hÉireann. Novice kayakers, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh start the journey of a lifetime when they sign up to paddle around the north coast of Ireland.

KAYAK Ó THUAIDH, ag tosú ar an Aoine 12ú Aibreán, ar RTÉ One agus ar RTÉ Player
Sraith ceithre chlár í “Kayak ó Thuaidh” a leanann beirt tosaitheoirí cadhcála, Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh, agus iad ag tabhairt faoi thuras eipiciúil ar chósta thuaidh na hÉireann. In éineacht leis an saineolaí cadhcála John Hubbucks, tugann siad dúshlán na gaoithe agus na dtonnta dothuartha san Atlantach, ag cur crua orthu féin leis an aistear a chur i gcrích.
Ar an bhealach, foghlaimíonn Tessa agus Irial faoi thábhacht na farraige in Éirinn san am atá thart, san am i láthair agus san am atá le teacht. Déanann an tsraith ceiliúradh ar an radharc tíre fíorálainn ar chósta thuaidh an Atlantaigh, ar a stair shaibhir agus ar na daoine a bhfuil cónaí orthu ann.

Tá go leor dúshlán rompu ar an turas, agus caithfidh Tessa agus Irial tarraingt ar iomlán a nirt agus ar a ndiongbháilteacht coirp leis na constaicí sin a shárú, idir stoirmeacha, taoidí agus gortuithe, agus iad ag céaslú ó iarthuaisceart Dhún na nGall go hoirthuaisceart Aontroma.
Sa chéad chlár, tugann na láithreoirí faoi dhian-seisiúin treanála ar chladaigh Chontae an Dúin sula dtosaíonn siad ar a dturas éachtach ag cuan an Bhuna Bhig i nDún na nGall. Is é an chéad dúshlán ná turas amach go Gabhla agus as sin go Cnoc Fola i nGaoth Dobhair.
Leanann an eachtra i gclár a dó le céaslú dúshlánach ó thrá Mhachaire Rabhartaigh amach go Toraigh, Dún Fionnachaidh agus ag críochnú ag an teach solais íocónach ar imeall leithinis Fhánada.

I gclár 3, téann ár dtaiscéalaithe i ngleic le hInis Eoghain. Ag tosú ó dhúnfort an Dúin Riabhaigh, téann siad go hInis Trá Tholl, an t-oileán is faide ó thuaidh in Éirinn, agus brúnn siad soir i dtreo Loch Feabhail agus Aird Mhic Giollagáin. Ach tá roinnt deacrachtaí rompu ar an turas.
Ar deireadh, i gclár 4, tosaíonn Tessa agus Irial ar an chéim dheireanach den aistear ó Aird Mhic Giollagáin go Baile an Chaistil, le h-iarracht éachtach amháin eile i dtreo tearmann speisialta fiadhúlra Reachlainn.

Léiríonn an tsraith turas eipiciúil saoil ina bhfoghlaimíonn na láithreoirí agus an lucht féachana faoina stair, faoina dtimpealleacht agus fúthu féin.
Beidh an tsraith le feiceáil Dé hAoine ó 20.30 go 21.00, ag tosú ar an Aoine 12ú Aibreán, ar RTÉ One agus ar RTÉ Player

KAYAK Ó THUAIDH, starting on Friday 12th April, on RTÉ One and RTÉ Player
“Kayak ó Thuaidh” is a four-part series that follows two novice kayakers, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh, as they undertake an epic journey along the northern coast of Ireland. Together with kayak expert John Hubbucks, they brave the unpredictable Atlantic wind and waves, pushing themselves way beyond their comfort zones to complete their challenge.
Along the way, Tessa and Irial learn about the importance of the sea in Ireland’s past, present, and future. The series celebrates the stunning scenery of the Ireland’s northern Atlantic coastline, its rich history, and the people who call it home.

Their journey is not without its challenges, and Tessa and Irial have to draw on their inner strength and physical stamina to overcome the many obstacles in their path, from storms to tides to physical injuries, as they paddle from north-west Donegal to the northeast coast of Antrim.
In the first episode, the presenters undergo difficult training sessions on the shores of County Down before beginning their epic adventure at Bunbeg harbour in Donegal. Their first challenge takes them to Gola Island and then to the Bloody Foreland in Gaoth Dobhair.
The adventure continues in episode two with a challenging paddle that takes them from Magheraroarty Beach to Tory Island, Dunfanaghy and concludes at the iconic Lighthouse on the edge of the Fanad peninsula.

In episode 3, our adventurers tackle the Inishowen peninsula. Setting off from Fort Dunree they make their way to Inistrahull, Ireland’s most northernly island, and continue eastwards towards Lough Foyle and Magilligan, but the journey is not without difficulties.
Finally, in episode 4, Tessa and Irial embark on the last leg of their journey from Magilligan to Ballycastle, with one last epic push to the spectacular wildlife haven of Rathlin Island.

This series charts the journey of a lifetime where the presenters and the audience learn about their history, their environment, and about themselves.
Fridays at 2030-2100, from Friday April 12th, on RTE One and RTE Player