Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While

The earliest incarnation of the Hothouse Flowers was in a school talent show. 3 years later in 1988, they played to 600 million on another talent show on television, released their debut album, and headlined a gig in the RDS in Dublin to an audience of over 40,000. They called that debut album ‘People’. No surprise really because they were the people’s band. The Hothouse Flowers were a breath of fresh air filling up our senses during a time in the eighties when we needed a bit of sunshine. 35 years later they still have that same live energy that made them stand out in 1988.

Clár faisnéise a thugann siar ar bhóithrín na smaointe thú go dtí an bhliain dochreidte a bhí ag an mbanna ceoil sa bhliain 1988, agus a leanann iad ar a gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2023, camchuairt a bhí díolta amach agus a chuireann an cheist, cén fáth go bhfanann banna ceoil le chéile?

Tá na Hothouse Flowers ar cheann de bhannaí ceoil na hÉireann is mó a bhfuil gean orthu ó tháinig siad ar stáitse an chéad lá riamh beagnach 40 bliain ó shin. Is i seó tallainne scoile a cuireadh an banna ceoil i láthair den chéad uair riamh. 3 bliana níos deireanaí sa bhliain 1988, chan siad os comhair 600 milliún duine ar sheó tallainne eile ar an teilifís, d’eisigh siad a gcéad albam agus is iadsan a bhí mar phríomhaoi ag gig san RDS i mBaile Átha Cliath le lucht féachana sa bhreis ar 40,000 míle duine. Thug siad ‘People’ ar an gcéad albam sin. Níorbh aon ionadh é sin mar gurbh iad banna ceoil na ndaoine iad. Ba dheas an t-athrú iad na Hothouse Flowers a spreag ár gcuid céadfaí le linn ama sna hochtóidí nuair a theastaigh údar aoibhnis uainn. 35 bliain níos deireanaí tá fuinneamh na beatha i gcónaí sa bhanna ceoil, an chúis gur sheas siad amach sa bhliain 1988.

Is beag banna a raibh bliain cosúil leis an mbliain 1988 acu is a bhí ag na Hothouse Flowers. Mar sin, suigh siar agus bain sásamh as an seó. Can in éineacht leis an mbanna arís má bhí tú ansin ag an tús. Mura raibh, is trua nach raibh tú ann ag an am sin. Nó téigh ag breathnú orthu arís in ionad in aice leat agus tuigfidh tú an chúis a bhfanann banna le chéile go dtí an pointe seo.

Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While
Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While – Liam Ó Maonlaí
Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While – Fiachna Ó Braonáin
Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While – Liam Ó Maonlaí
Hothouse Flowers – Stick Around and Laugh a While – Liam Ó Maonlaí