Oíche an Oireachtais i Leitir Mór 2023

Tabharfar blaise sa gclár seo den saothar a chuir muintir Chonamara ar an ardán ag Oireachtas na Gaeilge 2023 in Óstán Ghleann an Iolair i gCill Áirne i gCiarraí agus iad páirteach in oíche cheiliúrtha an Oireachtais san Ionad Pobail le taobh Shéipéal Leitir Móir i dtús mhí na Samhna seo caite. I measc an méid a chloisfear beidh amhráin ar an sean-nós, lúibíní agus agallaimh beirte, amhráin nua-chumtha chomh maith le ceol agus damhsa. Bhí buaiteoir Chorn Uí Riada, Colm Jimmy Ó Curraoin i measc an tslua a d’fhreastal ar an ócáid chomh maith le buaiteoir an chomórtais damhsa ar an sean-nós ‘Steip’ Gearóid Ó Droighneáin.

Each year, following the Oireachtas festival, Conamara musicians, singers and performers of all types who took part in the festival in Killarney are invited to attend a special evening to celebrate their achievements in Leitir Mór. On this programme, we’ll hear many of those performances including sean-nóis singing and sketches. Colm Jimmy Ó Curraoin, winner of the prestigious Corn Uí Riada competition and Gearóid Ó Draighneáin, winner of the sean-nós dance competition ‘Steip’ were among those present.