Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Ceol na farraige, casadh na muileann, agus fuaim na gaoithe atá le cloisteáil sa chlár seo ina dtugann Ailbhe cuairt ar Áine Uí Fhoghlú i Rinn Uí gCuanach, Co. Port Láirge. Tugann muid cuairt ar an gcladach agus ar Cheann Heilbhic, agus pléitear ról na bádóireachta sa phobal, contúirt na farraige, athrú aeráide agus an ról atá ag logainmneacha áitiúla inár dtuiscint ar an timpeallacht ina maireann muid, téamaí atá le brath go láidir ar shaothair a roineann Áine linn agus muid ag gluaiseacht tríd an cheantar. Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán.
In this series, lecturer and poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh travels the country to meet with writers to discuss the importance of place in their work.
Today Ailbhe travels to Rinn Uí gCuanach, in Waterford to meet Áine Uí Foghlú. During a visit to the shoreline and to Helvick Head, discussions take place on the dangers of the sea, climate change and the role local place names have in our understanding of the environment we live in, themes which are strongly detected in the work that Áine shares with us as we move throughout the area. This series was produced with funding from Coimisiún na Meán’s Sound and Vision Scheme.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh