An Cúinne Dána

An tseachtain seo beidh an ceoltóir iomráiteach Aoife Ní Bhriain linn ag caint faoin gceirnín nua atá á eisiúint aici leis an gcláirseoir Catrin Finch, ceirnín dar teideal Double You. Labhraíonn sí le Tristan faoin spreagadh a fhaigheann siad ó Bach agus ó bheacha, agus faoin mbealach a dtugann siad ceol traidisiúnta na hÉireann agus na Breataine Bige le chéile, maraon lena gcuid cumadóireachta féin.

Musician Aoife Ní Bhriain discusses her collaboration with Welsh musician Catrin Finch and the release of their upcoming album Double You. She reveals to Tristan how the music of Bach and the world of bees inspired their approach and how they seamlessly marry the traditions of Ireland and Wales in the fiddle and harp duet playing.

Tristan Rosenstock