Ómós Áite

Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh.  Ceol na n-éan, radharc na farraige, agus Grágaíl Asail: tugann Pauline Nic Chonaonaigh cuireadh do Ailbhe cuairt a thabhairt uirthi sa Spidéal, áit a dtéann siad ag spaisteoireacht ar Thrá na mBan, ar an tSeanChéibh, agus ar sheanteach Mháirtín Uí Chadhain. Roinneann Pauline scéalta óna hóige agus saothair dá cuid agus labhraíonn sí faoi na scríbhneoirí a d’imir tionchar uirthi agus ar a ceird. Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán. 

In this series, lecturer and poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh travels the country to meet with writers to discuss the importance of place in their work.  Songbirds, a seaview and donkeys:   Pauline Nic Chonaonaigh invites Ailbhe to visit her in An Spidéal, where they stroll on Trá na mBan, an tSean Chéibh, and visit the old house of Máirtín Ó Cadhain. Pauline shares stories from her childhood and work and talks about the writers who influenced her and her craft. This series was produced with funding from Coimisiún na Meán’s Sound and Vision Scheme.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh