Inniu, tabharfaidh an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt ar Chaitríona Ní Chléirchín, file atá ag cur fúithi i Scairbh na gCaorach i gCo. Mhuineacháin, le labhairt léi faoin tábhacht atá leis an gceantar ina cuid scríbhneoireachta. Deirtear gur i gcluiche cártaí a bhuaigh tiarnaí talún an baile ina bhfuil cónaí ar Chaitríona, agus is ansin i sean-teach tiarna talún áit a bhfuil sí ag cur fúithi a thosaíonn clár an lae inniu. Tugann sí ar camchuairt muid chuig an reilig áitiúil, áit a léann sí dán dá máthair; chuig Loch na Tullaí, áit a bhfuil go leor síscéalta áitiúla faoi; agus chuig teorainn an bhaile, a bhfuil ról lárnach aici ina scéal pearsanta, i stair pholaitiúil an bhaile, agus ina cuid scríbhneoireachta ar ndóigh. Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán.
Today, lecturer and poet Ailbhe Ní Ghearbhuigh travels to Emyvale in Co. Monaghan to meet poet Caitríona Ní Chléirchín to discuss the importance of place in her writing. It is said that the landlords of Emyvale won the town in a game of cards, and today’s programme starts off in a former landlord’s house where Caitríona now lives. She then takes Ailbhe to the local graveyard, where she reads a poem to her mother. They then go to Tully Lough, a place which features in many local ghost stories, and to the town boundary, which has a central role in Caitríona’s life, in the political life of the town, and in her writing. This series was produced with funding from Coimisiún na Meán’s Sound and Vision Scheme.

