Scríbhneoirí an tSléibhe

Déanfar iniúchadh sa tsraith faisnéise seo ar shochaí iar-choimhlinte an Tuaiscirt, trí thaithí agus scríbhinní cruthaitheacha an ghrúpa Scríbhneoirí an tSléibhe, meitheal scríbhneoirí i mBéal Feirste a bunaíodh mar thacaíocht do mhuintir na háite.  San eagrán seo, labhrann Conor le Seán ‘Johnboy’ Ó Muireagáin, údar ó Bhéal Feirste.  I measc na leabhar dá chuid atá foilsithe, tá Bádh B’fhéidir, Gáire in Éag agus Sconsa.  Chaith Seán 35 bliana ag obair in earnáil na Gaeilge in eagraíochtaí éagsúla, Comhairle na Gaelscolaíochta ina measc.  Bhí sé mar éascaitheoir ar an chúrsa scríbhneoireachta de chuid Ghlór na Móna agus chuidigh sé le daoine ó Bhéal Feirste tús a chuir le haistear scríbhneoireachta s’acu féin.  Seo léiriú de chuid Corcra Media do BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.

In the new series Conor Torbóid explores intergenerational trauma in a post conflict society through the experiences and creative writings of Scríbhneoirí an tSléibhe, a Belfast-based creative writing group set up to tackle mental health problems faced by members of the community.   Today, he meets with Belfast author Seán ‘Johnboy’ Ó Muireagáin, who has published several books including Bádh B’fhéidir, Gáire in Éag and Sconsa.  Seán spent 35 years working in the Irish-language sector in various organisations including Comhairle na Gaelscolaíochta.  He was a facilitator on a Glór na Móna writing course, and has helped many people from Belfast start out on their writing journey.  Produced by Corcra Media for BBC Gaeilge and RTÉ Raidió na Gaeltachta, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Seán ‘Johnboy’ Ó Muireagáin & Conor Torbóid
Seán ‘Johnboy’ Ó Muireagáin & Conor Torbóid