Beidh Séamus Ó Scanláin i mbun comhrá an tseachtain seo le Conor Ó Gallachóir. Is craoltóir spóirt agus amhránaí sean-nóis é Conor Ó Gallachóir as Gort an Choirce i dTír Chonaill. Is múinteoir meánscoile faoi oiliúint é, a bhfuil an-spéis aige i gcúrsaí léinn, i bpeil agus sa ghalf. Labhróidh sé le Séamus sa chlár faoi mhórtas áite, agus mianta a chroí don todhchaí.
Today, Séamus Ó Scanláin interviews Conor Ó Gallachóir, sports broadcaster and sean-nós singer from Gort an Choirce in Co. Donegal. Conor is training to be a secondary school teacher, and is very interested in learning and education, football and golf. He speaks to Séamus today about pride in his heritage, and his hopes for the future.


