Sa gclár speisialta seo d’Iris Aniar cloisfear caint a thug Lillis Ó Laoire an samhradh seo do Chumann Oidhreachta Eanach Dhúin. Sa gcaint a thug sé, Cleasa an Chrosáin: Amhráin agus Seanchas Sheosaimh Uí Éanaí, tugann Lillis cuntas ar an gcaoi ar éirigh le Ó hÉanaí ómós a bhaint amach i Meiriceá, ar an gcaoi inar chuir sé a oidhreacht amhránaíochta agus seanchais in oiriúint don lucht éisteachta thall, agus ar an oidhreacht amhránaíochta a chuir ar bhóthar na n-ealaíon é an chéad lá riamh.
A special edition of Iris Aniar this morning featuring a lecture given by Lillis Ó Laoire for the Annaghdown Heritage Society during the summer about legendary sean-nós singer Seosamh Ó hÉanaí, or Joe Heaney. We’ll learn about how Ó hÉanaigh attracted great respect for his art in the US, how he adapted his craft to make it more accessible to American audiences, and about his sean-nós heritage, among other things.

