Inniu, cloisfimid an chéad chlár i sraith nua den Chéad Ghlúin Eile le Séamus Ó Scanláin. Inniu, beidh Séamus i mbun comhrá le hOisín Ó hEartáin. Is fear ceamara, stiúrthóir, fear stáitse agus fear ceoil é Oisín as Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Chaith sé seal gairid dá óige i gConamara, agus tá luí ar leith aige i gcónaí le háit dhúchais a mháthar in Indreabhán. Déanfaidh sé cur síos san agallamh inniu ar an gceangal atá aige lena sheanathair Brian Ó Baoill, scríbhneoir, gníomhaí agus feachtasóir a raibh dlúthbhaint aige leis an bhfeachtas do theilifís na Gaeilge.
Today, we hear the first programme in a new series of An Chéad Ghlúin Eile, presented by Séamus Ó Scanláin. In this series, Séamus speaks to young Irish speakers from across the country about their lives. Today, he kicks off the series with an interview with Oisín Ó hEartáin fom Baile an Fheirtéaraigh in the Kerry Gaeltacht of Corca Dhuibhne. Oisín is a cameraman, director, actor and musician. He spent a short time in Conamara as a young child, where his mother is from, and maintains a close connection to the area where his grandfather, activist and writer Brian Ó Baoill, still lives. He talks to Séamus Ó Scanláin today.
