Sa tsraith nua seo, cloisfidh muid ceolchoirmeacha a taifeadadh beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal le plúr na ngrúpaí traidisiúnta. Is iad an grúpa Téada a chuirfidh tús leis an tsraith inniu. Sa bhliain 2001 a tháinig an grúpa Téada ar an bhfód agus tá an-éileamh orthu ar fud na cruinne ó shin i leith. Le breis is scór bliain anuas tá lucht féachana meallta acu ag féilte ceoil san Astráil, san Áis agas san Afraic, i Meicsiceó agus i mBoirneo, agus ar fud na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh. D’eisigh siad an ceirnín is déanaí, Coiscéim Coiligh, i mí Bealtaine 2022. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán.
Today, we’ll hear the first programme in this series of live concerts recorded in Stiúideo Cuan in An Spidéal with the best of traditional groups. Today, we’ll hear a concert with the group Téada to kick off the series. Téada was established in 2001, and since then they have attracted audiences across the world to their performances at music festivals in Australia, Asia, Mexico, Borneo, as well as all over Europe and North America. Their latest album, Coiscéim Coiligh, was released in May 2022.
A Stiúideo Cuan production, in association with RTÉ Raidió na Gaeltachta and Coimisiún na Meán.

