Craolfar an clár beo ó Fhéile na Meán Ceilteach ar an Chlochán Liath i nDún na nGall inniu. Beidh agallaimh le lucht eagraithe na féile, le buaiteoirí agus le daoine atá ag freastal ar an ócáid le cloisteáil sa chlár beo ó Óstán an Waterfront, á chur i láthair ag Michelle Nic Grianna, Pearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach 2022.
Join Michelle Nic Grianna, Radio Presenter of the Year at Celtic Media Festival 2022, for a special show live from this year’s festival in the Waterfront Hotel today in An Clochán Liath, Co. Donegal, featuring interviews with festival organisers, award-winners and attendees.

