Seo an chéad chlár i ngearrshraith raidió ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Ríordáin. Sa chlár inniu, cloisfimid cur síos agus plé ar an gconspóid mhór a lean foilsiú a chéad chnuasach filíochta, Eireaball Spideoige, sa bhliain 1952. Níl aon leabhar filíochta i nGaeilge ná i mBéarla is mó a tharraing caint agus conspóid le seachtó bliain anuas, agus ghoill sé go mór ar an bhfile. I measc na n-aíonna a chloisfear sa chlár, beidh Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh agus Caitlín Nic Íomhair. Is é Marcus Mac Conghail a chuirfidh an clár i láthair.
This is the first programme in a mini-series focusing on elements of the life and work of Cork poet Seán Ó Ríordáin. Today, the programme will look in particular at the controversy that followed the publication of his first poetry collection, Eireaball Spideoige, in 1952. No other poetry book, in English or Irish, has drawn as much controversy in the seventy years since, and the whole affair affected the poet deeply. Contributors to today’s show include Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh and Caitlín Nic Íomhair. Marcus Mac Conghail presents.
