Tabharfaidh an clár seo léargas dúinn ar an ngrúpa ceoil Na Cloigne Folmha, ar an gcaoi ar bunaíodh an banna ceannródaíoch sin i dtús na seachtóidí agus na cuimhní atá ag na cloigne fhéin ar na blianta sin. Tá sé leathchéad bliain anois ó eisíodh an gearr-cheirnín cáiliúil leo an Damhán Alla!Is é Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clár i láthair, agus i measc na n-aíonna ar an gclár beidh Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, Tomás Mac Eoin agus John Beag Ó Flatharta.
Today, we’ll hear a special programme about the popular Conamara music group Na Cloigne Folmha, who had several hit records in the seventies, including the ever-popular An Damhán Alla. In this programme Seán Bán Breathnach talks to band members including Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, Tomás Mac Eoin and John Beag Ó Flartharta about their memories of those years.

