Inniu, beidh Eoghan Ó Ceannabháin, Doireann Ní Ghlacáin agus Cúán de Barra ag obair le chéile sa stiúideo le trí amhrán nua i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh in gclár 3 sa tsraith seo An Seisiún. Is as Baile Átha Cliath d’Eoghan Ó Ceannabháin, amhránaí ar an sean-nós a bhíonn le cloisteáil go minic i mbun ceoil sa Cobblestone san ardchathair. Tá a albam nua The Deepest Breath ar fáil anois. Is ceoltóir agus láithreoir teilifíse í Doireann Ní Ghlacáin. Bíonn sí ag canadh ar an sean-nós agus ag casadh ar an bhfidil. Is as croílár chathair Bhaile Átha Cliath do Chúán de Búrca. Is pianódóir gormacha agus snagcheoil é agus tá sé i mbun staidéir ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide faoi láthair. Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an clár i láthair. Tá coincheap ‘An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.
This week, musicians Eoghan Ó Ceannabháin, Doireann Ní Ghlacáin and Cúán de Barra will be working in studio over twelve hours to write and record three new songs as Gaeilge. Presenter Cian Mac Cárthaigh will speak to them throughout the process about how they’re getting on, and listeners will be witness to the creative process. Eoghan Ó Ceannabháin is a sean-nós singer from Dublin, with Conamara roots. He released his album The Deepest Breath last year. Doireann Ní Ghlacáin is a multi-instrumentalist and TV presenter, from Dublin, but with roots in the Cork Gaeltacht of Múscraí. Cúán de Búrca is from the heart of Dublin, a blues and jazz pianist, he is currently completing an Irish degree in Trinity College. An Seisiún is based on the Sesiwn UNNOS series on BBC Radio Cymru and is funded through the BAI Sound & Vision scheme with money from the television licence.



