Beidh clár na seachtaine seo dírithe ar obair na heagraíochta Gaeloideachas, nó Gaelscoileanna mar a bhí, le caoga bliain anuas. Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thacaíonn le forbairt an oideachas lán-Ghaeilge. Gaelscoileanna an t-ainm a bhí ar an eagraíocht nuair a bunaíodh í i dtús ama i 1973 le tacú le bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ó shin, leathnaíodh ról na heagraíochta agus cuireann sí seirbhísí tacaíochta ar fáil anois do scoileanna Gaeltachta agus naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Beidh plé ar fhorbairt, ar obair agus ar thodhchaí na heagraíochta inniu.
Today, Máirín Ní Ghadhra and guests will be focusing on the work and development of the Gaeloideachas organisation, or Gaelscoileanna as it used to be known, over the last fifty years. Gaeloideachas is a national, voluntary organisation supporting the development of Irish-medium education. It was founded as Gaelscoileanna in 1973 to support Irish-medium schools outside of the Gaeltacht, the organisation’s remit now includes the provision of support services for Irish-medium schools in Gaeltacht areas, and for Irish-medium preschools outside of the Gaeltacht.

