Beidh Féile Bídh na n-Iar Dhéise ar bun an deireadh seachtaine seo, agus inniu beidh An Saol ó Dheas ag teacht beo ó Gharraí Mara, feirm agus siopa orgánach i Rinn Ua gCuanach. Beidh Helen Ní Shé i mbun comhrá le húinéir an chomhlachta, Máiréad Ní Choistín, faoin ngnó a bhunaigh sí i 2017, agus faoina tiomantacht d’fheirmeoireacht orgánach, inbhuanaithe, agus an tábhacht a bhraitheann sí atá le bia áitiúil, sláintiúil a ithe. Cloisfimid freisin faoi fhéile an deireadh seachtaine agus cuid de na himeachtaí a bheas ar bun.
The West Waterford Festival of Food takes place this weekend, and today An Saol ó Dheas will be broadcasting live from the Garraí Mara organic vegetable farm and shop in An Rinn. Proprietor Máiréad Ní Choistín will be speaking to Helen about her passion for organic, sustainable farming, and the benefits to mental and physical health of nature, and eating fresh, local, organic food. We’ll hear about how she has grown the business since 2017, as well as learning about some of the many events planned for the festival weekend.
