Díríonn an ghearrshraith raidió seo ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Ríordáin. Sa dara clár inniu, beidh cur síos ar na dánta sa chnuasach Eireaball Spideoige, an chéad chnuasach ó pheann an Ríordánaigh. I measc na n-aíonna a chloisfear sa chlár, beidh Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh agus Caitlín Nic Íomhair. Is é Marcus Mac Conghail a chuirfidh an tsraith i láthair.
Today, we’ll hear the second programme in this mini-series on the life and work of Cork poet Seán Ó Ríordáin. Today’s show will focus on the poems in his debut collection, Eireaball Spideoige. Contributors will include Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Breandán Feiritéar, Cian Ó hÉigeartaigh and Caitlín Nic Íomhair. Marcus Mac Conghail presents.
